Posted by: scoilchuilaodha | 10 02, 2009

Naomh Gobnait

gobnait1Amarach Lá le Gobnait,an 11ú Feabhra.Deirtear gur rugadh Naomh Gobnait i Luimneach no b’fheidir sa Ghaillimh timpeall 1,500 bliain ó shin.Dúirt aingeal léi teampall a thógaint ins an áit go bhfeiceadh sí naoi gcinn d’fhiannaibh bána.

Chonaic sí roinnt fianna i nDún Chaoin agus roinnt eile i gCluain Droichead.Ansan chonaic sí naoi gcinn i mBaile Mhúirne.Thóg sí teampall ann.

Bhí capall bán aici.Thug gadaí fé é a ghoid.Chomain sé leis chomh maith agus a bhí sé i gcosaibh an chapaill ach cé gur thug sé an oíche ar chosa in airde is ag gabháil timpeall an teampaill a bhí sé.Ghabhadar é agus cuireadh chun báis é.D’ordaigh Naomh Gobnait a dheilbh do ghearradh ar chloch agus e a chur suas sa bhfalla i dtreo go mbeadh sé le feiscint ann an fhaid a sheasódh an falla.Tá sé fós ann.

A GHOBNAIT IONTACH Ó BHAILE MHÚIRNE,TAIRSE CHUGAMSA LED CHABHAIR ‘S LE D’ CHÚNAMH.

GO MBEANNAITHE  DIA DHUIT A GHOBNAIT NAOFA,GO MBEANNAITHE MUIRE DHUIT ‘S BEANNAIM FÉIN DUIT,’S CHUGATSA A THÁNAG AG GEARÁIN MO SCÉIL LEAT ,’S D’IARRAIDH MO LEIGHIS AR SON DÉ ORT.

AIMÉAN.

Posted by: scoilchuilaodha | 26 01, 2009

45 Drive Cartaí mí Feabhra

Beidh 45 Drive cartaí ar siúl sa Scoil ar an Aoine,an 13ú lá de mhí Feabhra,ar a 9.00 a chlog.Tá sé igceist againn “Jackpot “a thosnú an oíche sin agus cur leis gach mí.Ní féidir an “Jackpot” a bhuachaint mura bhfuil tu ag imirt cartaí sa scoil go rialta.

Posted by: scoilchuilaodha | 15 01, 2009

Daltaí ag obair go dícheallach

 

Priomhoide Scoil Chúil Aodha, Cathal Ó Riada, agus na daltai i Ranganna 4 agus 6 ag obair go dian

Príomhoide Scoil Chúil Aodha, Cathal Ó Riada, agus na daltaí i Ranganna 4 agus 6 ag obair go dian

Posted by: scoilchuilaodha | 7 01, 2009

45 Drive Cartaí

Beidh an chéad 45 drive don bhliain 2009 ar siúl sa scoil dé hAoine seo chugainn,an 9ú la de mhí Eanair ar a 9.00 a chlog.

D’eirigh go hiontach le 45 drive na Nollag agus bailiodh 1,233 euro do ciste togála na scoile ar an oíche.Táimid fíor bhuíoch do gach duine a thug tacaiocht dúinn agus ba mhaith linn ach go háirithe ar míle bhuíochas a ghabháil leis na comhlachtaí áitiúla agus le muintir na háite,a bhi fíor flaithiúil leis na duaiseanna.

Posted by: scoilchuilaodha | 9 12, 2008

45 Drive Cartaí na Nollag

Beidh 45 Drive cartaí na Nollag ar siúl sa scoil ar an Aoine an 12ú lá de mhí na Nollag ar a 9.00 a chlog.Ina theannta san beidh crannchur ollmhór againn ar an oíche lena lán duaiseanna iontacha.

Páirtnéirí agus boird do sheisear a bheidh i gceist.

Posted by: scoilchuilaodha | 4 12, 2008

Coirmcheoil na Nollag

Beidh Coirmcheoil na Nollag ar siúl in Áras Eamonn Mac Suibhne,ar an Luan an 22u lá de mhi na Nollag,ar a 7.00 a chlog.Beidh na Ranganna Naionain ag canadh amhráin agus beidh dráma darbh ainm “Robin Hood agus na Merrymen” a chur ar stáitse ag Ranganna 1-6.

Fáilte romhat go dtí blag Scoil Náisiúnta Chúil Aodha – Barr d’Ínse.  Is é seo an áit a bheidh na scéalta go léir faoi imeachtaí agus eachtraí na scoile le léamh agus beidh griangrafanna ón scoil le feiceáil ann freisin.

Is é an chéad imeacht mór eile a bheidh againn ar scoil an oíche mór chartaí ar an Aoine, 12ú Nollaig.  Tá an ocáid seo an-tabhachtach chun airgead a bhailiú don scoil agus fearaimíd fáilte romhaibh go leir teacht.  Is é ‘45′ an cluiche.  Ní bheadh a fhios agaibh ach go mbuafadh sibh duais éigean!  Tosnófar ar an imirt ag 9in.

Categories